← Ba ghnách le bunadh Sheáin Eoin a bheith ag déanamh corrgháire faoin Bhéarla mhór a bhíodh i litreacha Phroinsís agus faoin drochlitriú. 🔊✎
← Agus i dtaca le paipéar na ngearrthach de, bhíodh an oiread mionphrionta agus a oiread uimhreacha air, agus bhí sé chomh "hoifigiúil" sin, agus go bhfágfadh sé an gasúr bocht ina dhobhrán dhall. 🔊
← Ach ní thigeadh aon duine chuige le páipéar gearrthach ach go hannamh agus bhíodh Beagaide go mion is go minic ina dhiaidh. 🔊✎
← Bhíodh airgead beag éigin i gcónaí sa litir, nó mac dlisteanach a bhí i bPrionsias. 🔊